Cuirfidh an tSeanbheairic ceolchoirm na Nollag i láthair ar an 21 Nollaig ag 8.o0 i.n.
Is deis í éalú ón bhrú agus ón strus a bhíonn ar dhaoine um Nollaig agus ón bhrú millteanach a chuireann tomhaltachas agus ábharachas na Nollag ar dhaoine.
Ceolchoirm shimplí agus nádúrtha a bheidh ann. Cothófar atmaspheár suaimhneach, draíochta agus beidh coinnle agus soilse galánta lasta san amharclann. Déanfar ceiliúradh ar an oidhreacht shaibhir ceoil agus amhránaíochta atá ann sa cheantar, le óg agus aosta páirteach ar an oíche.
Tosóish an oíche leis an scannán “Ceol na nOileán – Toraigh” a thugann léargas ar chultúir an cheoil in Oileán Thoraigh
i measc na gceoltóirí agus amhránaithe a bheidh páirteach, beidh:
8 – 8.30pm | Scannán “Ceol na nOileán – Toraigh” | |
8.30pm | Cór an Fhál Charraigh
Cór Scór an Fhál Charraigh Patricia Nic Ruairí agus clann Treasa Nic Laifeartaigh Séamus Joe Jack & Danny Doherty Con McFadden chomh maith le aoíanna speisiálta |
Glacfaidh na páistí óga atá ag freastail ar an chúrsa amhránaíochta ar an sean-nóis páirt sa cheolchoirm fosta.
Ta fáilte roimh amhránaithe agus ceoltóirí páirt a ghlacadh agus amhrán a cheol i dteanga ar bith!
Tosaíonn an ceolchoirm ag 8.00 i.n. agus tá sé saor in aisce. Beidh bia agus deoch ar fáil.
Leave a Reply