Ceolchoirm na Nollag

Oíche Amhránaíochta& Ceol

Sathairn 20 Nollaig ag 8.00 i.n. cor Grianan
Beidh coinnle lasta agus deis agat Nollaig níos suaimhní, níos simplí agus níos síochánta a bhlaiseadh. Is deis í éalú ón bhrú agus ón strus a bhíonn ar dhaoine um Nollaig agus ón bhrú millteanach a chuireann tomhaltachas agus ábharachas na Nollag ar dhaoine. Ceolchoirm shimplí agus nádúrtha a bheidh ann. Cothófar atmaspheár suaimhneach, draíochta agus beidh coinnle agus soilse galánta lasta san amharclann.

An Crann ÓgDéanfar ceiliúradh ar an oidhreacht shaibhir ceoil agus amhránaíochta atá againn sa cheantar agus i measc na gceoltóirí agus amhránaithe a bheidh páirteach, beidh:

An Crann Óg;
Cór an Ghrianán;
Scór óg an Fhál Charraigh;
Clann Éamoinn Ghráinne;
Claire Nic Ruairí;
agus aíonna speisialta eile.

RangPatriciaGlacfaidh na páistí óga atá ag freastail ar an chúrsa amhránaíochta ar an sean-nóis páirt sa cheolchoirm fosta. Ta fáilte roimh amhránaithe agus ceoltóirí páirt a ghlacadh agus amhrán a cheol i dteanga ar bith!

Tosaíonn an ceolchoirm ag 8.00 p.m. Beidh bia agus deoch ar fáil.

NDP
Links