Ar mhaith leat snas a chur ar do chuid Gaeilge?
Oíche eolais ar an 20 Meán Fómhair ag 7.00pm sa tSeanbheairic, An Fál Carrach.
Tá sé ar intinn ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Dioplóma sa Ghaeilge ag leibhéal C1 a reáchtáil sa tSeanbheairic ar an Fhál Charrach i mbliana (ag toiseacht fómhar 2017).
Is é misean an chúrsa seo scileanna maithe cumarsáide agus scríofa sa Ghaeilge a thabhairt d’iarrthóirí a chuirfidh ar a gcumas a ngnó gairmiúil a dhéanamh trí Ghaeilge.
Aon duine a bhfuil spéis acu tabhairt faoin Dioplóma seo, beidh oíche eolais i dtaca leis ar siúl ar an 20 Meán Fómhair ag 7.00pm sa tSeanbheairic, An Fál Carrach.
Mionsonraí faoin chúrsa:
- Ag tosú fómhar 2017.
- Teagasc den scoth á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
- Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain acadúla.
- Ranganna trathnóna uair amháin sa tseachtain.
- Cáilíocht ollscoile.
- Aitheanta mar cháilíocht iontrála sna coláistí oiliúna.
Tuilleadh eolais:
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Co. Dhún na nGall.Fón: (074) 9531919
Ríomhphost: modomhnaill@oegaillimh.ie
Suíomh Gréasáin: www.acadamh.ie
An tSeanbheairic,
An Fál Carrach,
Co. Dhún na nGall.Fón: (074) 9180888
Ríomhphost: antseanbheairic10@yahoo.ie
Suíomh Gréasáin: falcarraghvisitorcentre.com
Leave a Reply