Féile na Seanbheairice 2013 – Féile Ealaíona agus Chultúrtha

27ú – 30ú Meitheamh 2013

Ceiliúradh ar ár gcultúr dúchasach, ar chultúr Chloich Cheann Fhaola go h-áirithe, ach le blas idirnáisiúnta.

Féile na Seanbheairice

I measc na h-imeachtaí don fhéile i mbliana tá ceol, dráma, amhránaíocht agus damhsa, chomh maith le go leor eile, ag cur cultúr na Gaeltachta agus cultúr Chloich Cheann Fhaola os comhair an phobail.

Is iad na comórtais i damhsa sean-nós agus amhránaíocht sean-nós na buaicphointí de Fhéile na Seanbheairice.  Léiríonn siad an athbheochán atá tagtha ar sean-nós in nDún na nGall.

Sean-nós dancing competition
Seans do dhamhsóirí dhun san iomaíocht fa choinne “Corn na Seanbheairice”

Sean-nós singing competition
Comórtas amhránaíochta ar an sean-nós i gcuimhne ar an amhránaí & ceoltóir iomráiteach, Éamonn Ghráinne Mac Ruairí (Oileán Thoraí & an Fhál Carrach).

Beidh cearlainn á reachtáil i damhsa sean-nós, amhránaíocht sean-nós agus dráma.

 

Imeachtaí eile:

  • Ceolchoirm le Bluegrass agus Ceol Traidisiúnta (físeanna thíos)
  • Ceoltóirí traidisiúnta ón cheantar
  • Ceolchoirm claisiceach
  • Damhsa céilí
  • Siúlóid stairiúil tríd an Fhál Carrach ag buaileadh len Tiarna Olphert agus carachtair eile ó stair an bhaile.
  • Siúlóid sléibhe
  • Puipeadóireacht
  • Léamh scéalta do naonraí
  • Taispeántas ealaíona
  • Comórtas griangrafadóireachta
  • Comórtas ealaíona

Arcanadh

The Molly Hicks

NDP
Links