‘Cloich Cheann Fhaola: Carachtair agus láthair’.
An dtaitníonn an ghrianghrafadóireacht leat? An bhfuil tú ábalta grianghraf galánta a ghlacadh a thaispeánfaidh duine nó áit i gCloich Cheann Fhaola? Tá comórtas grianghrafadóireachta á reachtáil ag an tSeanbheairic mar chuid de Fhéile na Seanbheairice. ‘Cloich Cheann Fhaola: Carachtair agus láthair’ is ea teideal an chomórtais. Fáilteofar roimh iarratais a thugann léargas dúinn ar dhuine nó ar áit is ansa leat sa cheantar. Tá duaiseanna iontacha do na hiarratais is fearr. Cuirfear na grianghraif ar thaispeántas i rith Fhéile na Seanbheairice, féile ealaíona agus cultúrtha a bheidh ar siúl ón Aoine 27 Meitheamh – Dé Domhnaigh 30 Meitheamh.
Luach €150 de dhuaiseanna
Duaiseanna urraithe ag Stáisiún Séirbhíse Mac Aoidh, An Fál Carrach
Is féidir na griangraifeanna a sheoladh chuig falcarraghvisitorcentre@gmail.com
Costas: €5 an ceann nó €10 fa choinne triúir.
Tuilleadh eolais ag 074 91 80655
Spriocdháta: 15ú Meitheamh, 2014.
Leave a Reply