Cros Ráithe: Léacht le Dr. Brian Lacey

HeritageWeekLogo255An tSean Bheairic
Déardaoin 27ú Lúnasa ag 8.00in

Brian LaceySeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2015, Léacht leis an Dr. Brian Lacey ar an tábhacht a bhaineann le Cros Ráithe i stair na hÉireann agus na hAlban, agus an ceangal le Colmcille.

Seasann an chros ard iontach seo 5.5 méadar ar airde i bhfothrach Eaglais Ráithe. Thángthas uirthi sa reilig taobh amuigh den eaglais agus í briste.

Ray CrossRinneadh í a atógáil agus cuireadh isteach san eaglais í lena cosaint. Toisc nach bhfuil aon mhaisiúchán ar an chros ní féidir dáta a lua léi ach tá sí an-chosúil ina himlíne le Cros Naomh Eoin ar Oileán í ón 8ú haois dhéanach. B’as an chuid seo de Thír Chonaill roinnt ab de chuid Oileán Í sa 7ú haois.
Rinneadh Eaglais Ráithe a atógáil nó athchóiriú am éigin i ndiaidh 1622 agus tá leaca uaighe sa reilig ón 18ú haois.

Deir an bhéaloideas:

Bhí Colmcille i ndiaidh dul anonn ón mhórthír go hOileán Thoraí lena bheirt chomrádaithe – Naomh Fionán agus Naomh Beaglaoch. Ar theacht i dtír ar an oileán dóibh, tuigeadh do Cholmcille gur fhág sé a leabhar urnaí ar an mhórthír. D’fhiafraigh sé dá chomrádaithe an rachadh duine acu ar ais leis an leabhar urnaí a fháil. An té a rachadh ar ais is amhlaidh a gheobhadh sé a rogha mian. Naomh Fionán a d’fhill ar an mhórthír agus cad é a bhí roimhe ach iolar agus é ag tabhairt dídine ón fhearthainn don leabhar faoina sciathán. Thug Fionán an leabhar urnaí ar ais go Toraigh gur iarr Cros Ráithe mar chúiteamh. Deirtear nach mó na Sásta a bhí Colmcille.

NDP
Links